Conas is féidir liom áit a fháil i Naíonáin Bheaga?

Bíonn tréimhse clárúcháin ar siúl le linn an chéad choicís i Mí na Samhna, an bhliain sula dtosaíonn ssiad ar scoil. (m.sh. Samhain 2012 le haghaidh Meán Fómhair 2013)

Bíonn foirmeacha clárúcháin ar fáil ó oifig na scoile le linn na coicíse. Is gá foirm a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais chuig oifig na scoile roimh dheireadh na coicíse. Bíonn cóip den teastas breithe ag teastáil agus cóíp den teastas baisteadh, má oireann.

Déantar scagadh ar na foirmeacha de réir mar atá leagtha amach sa Pholasaí Iontrála (atá ar fáil ar leathanach na bPolasaithe ar an suíomh seo). Seoltar an litir ofrála taobh istigh de 3 sheachtain.