Ceisteanna / FAQ

Caitheann na páistí na héadaí bríste nó éadaí pilirín gach lá seachas ar laethanta coirp oideachais. Cuirfear an lá seo in iúl dod’ pháiste ag tús na bliana.

 

Éadaí Bríste: (N. Mhóra – R.4) Eadaí Pilirín: (N. Mhóra – R.4) 
Bríste liath Pilirín plaid
Bríste gearr liath sa samhradh Blús bán (bóna “revere”)
Léine bán Cairdeagan dúghorm (le suaitheantas)
Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) Riteoga dúghorm (stocaí rúitíní bána)
Carbhat stríocach Bróga praicticiúla
Bróga praicticiúla
Eadaí Sciorta: (Rang 5 & 6) Éadaí Reatha:
Sciorta plaid Éadaí reatha dúghorma (le suaitheantas)
Blús bán (bóna “revere”) Bríste gearr dúghorm sa Samhradh
Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) Bróga reatha
Riteoga dúghorma (stocaí rúitíní bána)
Bróga praicticiúla

I dtaobh cothromaíochta de, is féidir leis na cailíní ceachtar den dá rogha a chaitheamh ach ní ghlacfar le meascán éadaí.

Caitheann na Naíonáin Bheaga na héadaí reatha gach lá – ní gá dóibh na héadaí bríste/pilirín a bheith acu.

Tá cead ag daltaí fáinne cluaise (stud) amháin a chaitheamh i ngach cluas. Níl cead aon seodra eile, seachas uaireadóir, a chaitheamh sa scoil ar bhonn slándála.

Bíonn tréimhse clárúcháin ar siúl le linn an chéad choicís i Mí na Samhna, an bhliain sula dtosaíonn ssiad ar scoil. (m.sh. Samhain 2012 le haghaidh Meán Fómhair 2013)

Bíonn foirmeacha clárúcháin ar fáil ó oifig na scoile le linn na coicíse. Is gá foirm a líonadh isteach agus í a sheoladh ar ais chuig oifig na scoile roimh dheireadh na coicíse. Bíonn cóip den teastas breithe ag teastáil agus cóíp den teastas baisteadh, má oireann.

Déantar scagadh ar na foirmeacha de réir mar atá leagtha amach sa Pholasaí Iontrála (atá ar fáil ar leathanach na bPolasaithe ar an suíomh seo). Seoltar an litir ofrála taobh istigh de 3 sheachtain.

Foghlaimeoidh do pháistí an Ghaeilge trí cheol, spraoi, geáitsíocht agus rannta. Bainfidh siad taitneamh as an teanga a fhoghlaim agus beidh siad bródúil as a bheith in ann í a labhairt.

Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachta agus feasachta an duine.

Bíonn féinmhuinín níos airde ag páistí atá in ann dhá theanga a labhairt go héasca.

Bíonn cur amach ag páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ar a bhféiniúlacht chultúir féin mar Éireannaigh agus mar Eorpaigh. Tá seans níos fearr go mbeidh tuiscint agus meas acu ar dhaoine ó chultúir eile a labhraíonn teangacha éagsúla.

Cabhraíonn an cumas sa dá theanga leis an bpáiste an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim nuair a bheidh siad níos sine.

Ba chóir go mbeidh sé ar chumas do pháiste na nithe seo a leanas a dhéanamh;

  • an cóta a bhaint agus a chrochadh
  • dul go dtí an leithreas gan Mamaí nó Daidí a bheith ann
  • na lámha a ghlanadh
  • an lón a ithe leis / léi féin
  • réitiú agus comhoibriú le páistí eile
  • an mála scoile/ bosca lóin a aithint, a oscailt agus a dhúnadh

 

Scríobh ainm do pháiste as Gaeilge ar gach rud a bhaineann leo (geansaí/cóta/bosca lóin,srl).

Cuir cláracha TG4 ar siúl sa bhaile agus usáid aon Ghaeilge atá agat.

Socraigh am codlata do pháiste agus cloí leis. Bíonn na naíonáin tuirseach!

Cuir do pháiste in aithne do na múinteoirí ag an tráthnóna oscailte. Déan cinnte go bhfuil do pháiste in ann na múinteoirí a aithint agus na h-ainmneacha a rá.

Tabhair deiseanna dod’ pháiste ‘gníomhaíochtaí scoile’ a dhéanamh: ag spraoi, ag líniú, ag dathú,    cluichí cainte, ag féachaint ar leabhair srl.

 

Before starting school, your child should be able to:

  • Remove and hang up his/her coat
  • Use the toilet without parental assistance
  • Wash his/her hands unassisted
  • Open and eat their lunch unaided
  • Play companionably and co-operate with other children
  • Recognise their own school bag and lunch box and be able to open and close it themselves.

 

Write your child’s name as Gaeilge on all of their belongings (jumper/coat/lunchbox,etc).

You are encouraged to watch TG4 with your child and to use any Irish you know with your child at home.

Decide on a bedtime for your child and adhere to it. Infants get very tired at school

When you come to the open afternoon with your child, introduce him/her to the Múinteoirí and be sure that your child recognises them and can say their names.

You could give your child opportunities to practice “school activities” e.g. playing, drawing, colouring, word games and looking at books.

Is minic do pháistí a bheith trína chéile ar an gcéad lá. Mar sin, tá fáilte roimh thuismitheoirí teacht isteach sa rang ar feadh cúpla nóimeád. Is fearr do pháiste a chur ina s(h)uí agus gníomhaíocht éigin a thabhairt dóibh le déanamh.

Nuair a thagann an t-am chun slán a rá, is fearr slán cinnte a rá agus imeacht ar an bpointe. Meabhraigh dóibh cé a bheidh á bhailiú tar éis scoile.

Tá taithí ag na múinteoirí agus tuigeann siad conas páiste a chur ar a s(h)uaimhneas.

Beidh tae/caife ar fáil sa scoil ionas gur féidir leat fanacht tamaill chun cinntiú go bhfuil do pháiste socraithe. Tabharfaidh seo seans duit bualadh leis na tuismitheoirí/ caomhnóirí eile.  Iarrtar ar thuismitheoirí gan dul ar ais chuig an doras/na fuinneoga nuair atá an rang socraithe ag an múinteoir, mar go gcuireann sé seo isteach ar na páistí.

 

It is not unusual for children to be anxious and upset on the first day of school. With this in mind parents/ guardians are welcome to come and stay in the classroom for a few minutes. It is best to seat your child and get him/her some activity to keep them busy.

When the time comes to leave it is best to say a definite, firm good bye and to leave immediately. Remind them who will collect them after school.

The teachers are quite experienced when it comes to first days at school and will know how to settle and cheer children.

Tea/Coffee will be available in the school so that you can stay around but out of sight until you are happy that your child has settled. It will also give you an opportunity to meet the other parents/ guardians.  Parents are asked not to return to the classroom door/windows once the teacher has settled the class, as this can disturb and distract the children.

Más féidir leis an bpáiste na rudaí atá acu a úsáid, cothaíonn sé féin-mhuinín agus neamhspleáchas. Seo roinnt nodanna:

  • Munar féidir le do pháiste iallacha a cheangailt, b’fhéidir gur fearr bróga le Velcro.
  • Munar féidir le do pháiste cnaipí a dhúnadh, b’fhéidir gur fearr cóta le zip.
  • Is fearr bosca lón an oireann don mhála scoile, seachas dhá mhála éagsúla.
  • Cabhraigh le do pháiste a earraí pearsanta a aithint, cur ainm as Gaeilge ar gach rud.
  • Má tá rud éigin sa bhaile ag cur isteach air/uirthi, labhair leis an múinteoir ionas go mbeidh siad tuiscineach ar riachtannaisí do pháiste. Cóiméadfar an t-eolas seo faoi rún.
  • Cabhraigh leo an Ghaeilge atá foghlamtha a cleachtadh sa bhaile.

 

If your child is able to manage all that he/she has, it will develop confidence and independence. Below are a few helpful hints:

  • If your child cannot manage laces, shoes with Velcro may be better
  • If your child cannot manage buttons, coats with zips may be better
  • The lunch box should be able to fit into the schoolbag, so that he/she does not have to manage two bags.

Help your child to identify his/her belongings – put his/her name as Gaeilge on everything.

  • If there is an upset at home which you think may affect your child’s progress/mood / behaviour in school please inform your child’s teacher or the Principal. This is really helpful for us in understanding your child’s individual needs. This information will be treated with respect and in confidence.
  • Encourage your child to use the words and phrases s/he knows as Gaeilge and practice them at home.

Labhair Gaeilge le do pháiste agus úsáid aon Ghaeilge atá agat timpeall na scoile

Scríobh ainm do pháiste as Gaeilge ar gach rud a bhaineann leis an scoil

Am a chaitheamh le do pháiste ag déanamh obair bhaile

Bígí linn ag ócáidí scoile m.sh. imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge, imeachtaí maoinithe &rl

Bí in am don scoil agus na turais scoile

Aon scil atá agat a chur ar fáil ar leasa na scoile

Bí ag leámh le do pháiste go rialta.

 

Speak Irish to your child and use any Irish you have around the school

Write your child’s name as Gaeilge on all school correspondence

Co-operate with the teachers by spending time with your child doing homework

Try to attend school events- e.g. events for Seachtain na Gaeilge, fundraising events

Be in time for school and outings

We would warmly welcome parents/ guardians offering their skills or expertise for the good of the school.