Cén fáth a gcuirfinn mo leanbh ar ghaelscoil?

Foghlaimeoidh do pháistí an Ghaeilge trí cheol, spraoi, geáitsíocht agus rannta. Bainfidh siad taitneamh as an teanga a fhoghlaim agus beidh siad bródúil as a bheith in ann í a labhairt.

Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachta agus feasachta an duine.

Bíonn féinmhuinín níos airde ag páistí atá in ann dhá theanga a labhairt go héasca.

Bíonn cur amach ag páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ar a bhféiniúlacht chultúir féin mar Éireannaigh agus mar Eorpaigh. Tá seans níos fearr go mbeidh tuiscint agus meas acu ar dhaoine ó chultúir eile a labhraíonn teangacha éagsúla.

Cabhraíonn an cumas sa dá theanga leis an bpáiste an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim nuair a bheidh siad níos sine.