Eolas Tuismitheoirí / Parents Info

Coiste na dTuismitheoirí

Tacaíonn Coiste na dTuismitheoirí le hobair na scoile.  Bíonn cruinnithe acu go míosúil.  Ag tús gach scoilbhliain eagraítear cruinniú cinn bliana, agus toghtar Coiste nua.

Má tá scil nó sainspéis faoi leith agat a bheadh úsáideach chun an t-eispéaras foghlama a shaibhrú déan teagmháil leis an gCoiste, nó leis an oifig scoile.

Coiste na dTuismitheoirí assist with the work of the school.  They meet on a monthly basis.  At the start of each school year they hold an AGM, where a new Coiste is elected.  

If you have a particular skillset or interest in an area that you feel we could utilise to enhance the experience of our children, please get in touch with the Coiste or the school office. 

Ailéirge le Cnónna/Síolta Nut & Seed Allergies

Níl cead cnónna,síolta,náaon bhiaina bhfuilcnónna is síolta marchomhábhar iontu ar láthair na scoile.

Gaelscoil na gCloch Liath is a nut free zone.  Nuts, seeds, or any products containing nuts or seeds are not allowed on the premises. 

Lón Sláintiúil / Healthy Lunch

Tá cleachtas lóin sláintiúil i bhfeidhm againn anseo i nGaelscoil na gCloch Liath.  Molaimid lón sláintiúil le deoch uisce.  Ní ceadaítear deochann súilíneacha.  Ar an Aoine, bíónn cead ag na páistí breab beag amháin don lón.  Tá tuilleadh eolais inár bPolasaí Lóin Sláintiúil.

Here at Gaelscoil na gCloch Liath we encourage the practice of healthy lunches.  We recommend a healthy lunch with water as the preferred drink.  Fizzy drinks are not permitted.  On Fridays the children are permitted to have one small treat with their lunch.  For further information, please see our Healthy Lunch Policy. 

Amchlár na Scoile / School timetable

Naíonáin Bheaga & Mhóra: 8.30 r.n. – 1.10 i.n.

Ranganna 1—6: 8.30 r.n. – 2.10 i.n.

Am Sosa: 10.30 r.n. – 10.40 r.n.

Am Lóin: 12.00 i.n. – 12.30 i.n.

 

Críochnaíonn Naíonáin Bheaga ar a 11.00 sa chéad seachtain agus 12.00 sa dara seachtain.

Críochnaíonn Rang a hAon ar 1.10 don chéad coicís.

 

Tá an clós roinnte againn do na ranganna éagsúla; Clós na Naíonáin, Clós R1-2, Clós R3-4, agus Clós R5-6.

The playgrounds are divided for the different class groups as follows; Infants, R1-2, R3-4, and R5-6. 

Obair bhaile / Homework

N. Shóisir: 0 – 10 nóiméid (Léitheoireacht & Fonaicí – ó T.2 ar aghaidh)

N. Shinsir: 0 – 15 nóiméid (Léitheoireacht & Fonaicí)

Rang 1: 15 – 30 nóiméid (Léitheoireacht, táblaí, litriú & 1 rud scríofa/Mata)

Rang 2: 15 – 30 nóiméid (Léitheoireacht, táblaí, litriú, 1 rud scríofa, mata)

Rang 3 & 4: 30 – 45 nóiméid (Léitheoireacht, táblaí, litriú,  scríobh & mata)

Rang 5 & 6: 45 – 60 nóiméid (Léitheoireacht, táblaí, litriú,  scríobh & mata)

 

Tugtar obair bhaile ó Luan go Déardaoin.   Homework is given from Monday to Thursday. 

Muna n-éiríonn le do pháiste an obair bhaile a chríochnú san am atá luaite, cuir stop leis/léi agus cuir scéal chuig an múinteoir ranga.

If your child does not complete his/her homework in the recommended time please stop your child, and let your class teacher know the next day. 

Teagmháil idir an Scoil agus an Baile / Home-school communication

Cuirtear litreacha/nuachtlitreacha, ríomh-phoist is teachtaireachtaítéacs  abhaile go rialta. Cuir an scoil ar an eolas láithreach má thagann aon athrú ar do chuid sonraí teagmhála.

Bíonn cruinniú múinteoirí/tuismitheoirí go hiondúil i Mí na Samhna.

Cuirtear tuairisc scríofa abhaile faoi gach páiste i Mí an Mheithimh.  Iniata leis sin bíonn féilire donscoilbhliain nua,leabhar liosta,bille scoile, agus ainm an mhúinteora a beidh ag do pháiste sa scoilbhliain nua.

Tá cead ag múinteoir/tuismitheoir cruinniú a lorg nuair is gá,aon am i rith na blian. Cuirglaoch nó ríomh-post ar an Oifig scoile chun coinne a shocrú.

Letters/newsletters, e-mails and text messages are regularly sent home.  Please ensure we have your correct contact details, and that you notify us immediately should these details change. 

Parent/teacher meetings are held once a year, usually in November.

A written report is sent home in June for each child.  With this report you will also receive the new school year calendar, your new book list, and the name of your child’s new class teacher. 

Parents/teachers can arrange a meeting at any time during the school year, should the need arise.  Please ring or e-mail the school office to arrange this. 

Leabhair Scoile

Tá scéim “Leabharar Cíos” i bhfeidhm sa scoil, is ní gá duit na téacsleabhair a cheannach.  Is gá duit cóipleabhair, pinnluaidhe, pinn srl, a cheannach ó R3 ar aghaidh.  Cuirtear bille scoile abhaile i Mí an Mheithimh, bíonn liosta ann de na téacsleabhair a bheidh in úsáid ag an scoil.

The school operates a book rental scheme, and you do not need to buy any textbooks.  You are required to buy copies, pencils, pens, etc, from R3 upwards. The school bill will be sent home in June, and it will list the textbooks that the school will be using, and the items your child will require for the coming year. 

An Curaclam Scoile / The School Curriculum

Feidhmíonn an scoil faoi rialacha na Roinne Oideachais & Scileanna do scoilleanna náisiúnta.  Leanann an scoil Curaclam na Bunscoile, mar atá leagtha amach do Scoileanna Gaeltachta & Gaelscoileanna.

The school operates under the regulations of the Department of Education & Skills for national schools.  We follow the Primary School Curriculum, as set out for Gaeltacht Schools & Gaelscoileanna. 

 

Tá 6 chuid den Churaclam Bunsccoile, agus iad roinnte ar 11 ábhar.

The Primary Curriculum consists of 6 curriculum areas, and these are further divided into 11 subjects. 

  1. Teangacha Languages: Gaeilge agus Béarla
  2. Matamaitic Mathematics
  3. Oideachas Sóisialta, Imshaol & Eolaíochta (OSIE): Stair, Tíreolaíocht, Eolaíocht

Social, Environmental & Scientific Education (SESE): History, Geography & Science

 

 

  1. Oideachas Ealaínona: Ceol, na hAmharcealaíonna, Drámaíocht

       Arts Education: Music, The Visual Arts, Drama

  1. Corpoideachas Physical Education
  2. Oideachas Sóisialta, Pearsanta & Sláinte (OSPS) Social Personal & Health education (SPHE)