Ollchrannchur Saoire

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháíl leo siúd cheannaigh ticéad don Ollchrannchur. D'éirigh linn €5,500 a thiomsú ar son na scoile.

Déanadh tarraingt ar na ticéid roimh Saoire na Cásca agus ba mhaith linn comhghairdeachas a rá le Tara Bean Uí Bhrádaigh a bhuaigh an dearbhán laethanta saoire.

Tá liosta na mbuaiteoirí eile ar fáil ar Leathanach na dTuismitheoirí. Cliceáil anseo.

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Mí na Nollag 2011

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Mí na Samhna 2011

new principal Fáilte Ar Ais!

Táimid an-sásta fáilte a chur roimh na páistí tar éir briseadh an tsamhraidh. Ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh na páistí nua agus a dtuismitheoirí. Cuirimid fáilte roimh Múinteoir Tuala agus Múinteoir Rónán freisin.

Táimid anois sa cheathrú bliain le ranganna suas go Rang a 4 againn. Tá an scoil tar éis fás, agus is fás mór atá i gceist. Tá 122 páiste cláraithe sa scoil anois.

Coiméad súil ar an ngréasán toisc go gcuirfear eolas anseo faoi imeachtaí scoile chomh maith leis na nuachtlitreacha.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an bhfón nó trí ríomhphost má tá aon cheist agat maidir leis an scoil, clárúcháin nó an láithreán seo.

Seo roinnt griangrafanna dár Naíonáin Bheaga nua. Fáilte Romhaibh uilig!

Naíonáin Bheaga - Múinteoir Eoghan

nbheaga

Naíonáin Bheaga - Múinteoir Louise

nbheaga

Valid XHTML 1.0 Transitional Valid CSS!