Comóradh ár Seantuismitheoirí Celebrating our Grandparents

Bhí maidin fíor-álainn againn ar scoil inniu nuair a rinneamar comóradh ar ár seantuismitheoirí.  Bhácáil ár dtuismitheoirí, agus an Rúnaí Lisa, cácaí deasa don ócáid speisialta seo.  Chan na páistí amhráin, agus sheinn siad ceol ar an bhfidil, ar an bhfeadóg, ar an mbodhrán, agus eile dóibh.  Bhí deis cainte le cupán is cáca ag an slua deas a tháinig amach ar maidin fuar sneachta!  Is léir nach bhfuil an Ghaeilge dearmadta ag Mamó ná Daideo!  

We had a really wonderful morning at school today as we had a celebration of our grandparents.  Our parents, and Rúnaí Lisa, baked some lovely cakes for this special occasion.  The children sang songs and played tunes on the fiddle, the whistle, the bodhrán, and more.  Our grandparents, who came to visit on such a cold, snowy morning, had a great chat over coffee and cake.  It is great to see that Grannay and Grandad have not forgotten a word of their own Gaeilge!  

Ceoltóirí R6