Fáilte Ar Ais

Tá an chéad choicís beagnach thart agus tá gach duine socruithe ar ais ar scoil arís. Tá na Naíonáin Bheaga socruithe isteach chomh maith. Tá sé soiléar gach maidin an fás atá tar éis teacht ar ár scoil. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an scoil ón gcéad lá i 2008 le 24 páiste. Tá os cionn 400 páiste cláraithe linn inniu agus tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh na clanna nua atá tar éis tosnú i mbliana.

Tá na páistí uilig réidh don scoilbhliain atá romhainn mar atá ár bhfoireann uilig. Ba mhaith linn fáilte a chur roimh na baill foirne nua agus guímid gach rath orthu –  Múinteoir Aoife, Múinteoir Christina, Múinteoir Niamh agus Rúnaí Lisa.

Déanfar uasdátú rialta ar an ngréasán scoile le linn na seachtaine agus na míosa atá romhainn ionas go mbeimid in ann sidh a choiméad ar an eolas maidir le cúrsaí scoile agus chun smaointe nó moltaí a thabhairt faoi conas is féidir libh tacú le hoideachas do pháiste agus leis an scoil.

Fáilte romhaibh uilig!