Éadaí Scoile

Caitheann na páistí na héadaí bríste nó éadaí pilirín gach lá seachas ar laethanta coirp oideachais. Cuirfear an lá seo in iúl dod’ pháiste ag tús na bliana.

 

Éadaí Bríste: (N. Mhóra – R.4) Eadaí Pilirín: (N. Mhóra – R.4) 
Bríste liath Pilirín plaid
Bríste gearr liath sa samhradh Blús bán (bóna “revere”)
Léine bán Cairdeagan dúghorm (le suaitheantas)
Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) Riteoga dúghorm (stocaí rúitíní bána)
Carbhat stríocach Bróga praicticiúla
Bróga praicticiúla  
   
Eadaí Sciorta: (Rang 5 & 6) Éadaí Reatha:
Sciorta plaid Éadaí reatha dúghorma (le suaitheantas)
Blús bán (bóna “revere”) Bríste gearr dúghorm sa Samhradh
Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) Bróga reatha
Riteoga dúghorma (stocaí rúitíní bána)  
Bróga praicticiúla  
 
   

I dtaobh cothromaíochta de, is féidir leis na cailíní ceachtar den dá rogha a chaitheamh ach ní ghlacfar le meascán éadaí.

Caitheann na Naíonáin Bheaga na héadaí reatha gach lá – ní gá dóibh na héadaí bríste/pilirín a bheith acu.

Tá cead ag daltaí fáinne cluaise (stud) amháin a chaitheamh i ngach cluas. Níl cead aon seodra eile, seachas uaireadóir, a chaitheamh sa scoil ar bhonn slándála.