Cad is Gaelscoil na gCloch Liath ann?

Is bunscoil lán-ghaelach idirchreidmheach í Gaelscoil na gCloch Liath a bhunaíodh i 2008 ag grúpa tuismitheoirí (bunchoiste) faoin bhForas Pártúnachta na Scoileanna Lán-Ghaelacha. Thosaigh an bunchoiste ag obair i 2007 chun leibhéal suime áitiúil a thomhais, chun airgead a chistiú don scoil nauir a bhí sí ceadaithe agus chun Gaelscoil na gCloch Liath a bhunú.

I rith an tsamhraidh i 2008, tosaigh na clocha ag bogadh nuair a fostaíodh Múinteoir Eoghan mar Phríomhoide teagaisc agus Múinteoir Rita mar mhúinteoir ranga. Ag an am céanna ar shuíomh na scoile bhí na tógáilithe ag obair go dian ar an bhfoirgneamh chun gach rud a chur i gcrích roimh an gcéad lá de Mheán Fómhair. Bronnadh na heochracha orainn ar an 29ú Lúnasa 2008 agus d’oibrigh na tuismitheoirí go díograsach chun gach rud a eagrú inár ionad sealadach i bhfoirgneamh Educate Together. Fuaireamar eochracha ár bhfoirgnimh féin ar an 10ú Deireadh Fómhair 2008.

Ba léir an dea-oibre a bhí déanta ag an mbunchoiste nuair a d’oscail doirse na scoile chun glacadh leis na céad 24 páistí idir Naíonáin Bheaga (17(, Naíonáin Mhóra (2) agus Rang a hAon (5). Bunaíodh Bord Bainistíochta na scoile i Mí na Samhna agus go luath ina dhiaidh sin tháinig Coiste na dTuismitheoirí. D’oibrigh siad agus tá siad fós ag obair chun cinntiú go bhfuil oideachas lán-ghaelach den scoth á sholáthar do pháiste na Gaelscoile agus go bhfuil na hacmhainní cuí againn chun gur féidr linn é a chur ar fáíl

Dhúblaigh líon na bpáistí i Meán Fómhair 2009 nuair a ghlacamr le 26 Naíonáin Bheaga nua. Ar an 30ú Meán Fómhair bhí 52 pásite sa scoil againn le ranganna chomh hard le Rang a Dó. Maraon le páistí nua a bheith sa scoil, bhí múinteoir nua faighte againn – Múinteoir Daithí. Táinig Múinteoir Louise mar mhúinteoir tacaíocht foghlama páirt-aimseartha. Táimid ag tnúth leis go mbeidh 87 páiste againn i Meán Fómhair 2010 agus le sin go bhfaighfimid Múinteoir ranga sa bhreis agus go mbeidh múinteoir tacaíocht foghlama lán-aimseartha againn.

Is scoil sinn ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge i dtimpeallacht spreagúil thaitneamhach. Bainimid úsáid as an tumoideachas chun cumas Gaeilge an pháiste a fheabhsú chomh luath agus is féidr. Séard is brí le sin ná nach múintear aon Bhéarla go dtí and dara téarma i Naíonáin Mhóra. Bíonn an Ghaeilge mar theanga phobail na scoile idir páistí, múinteoirí, bainistíocht agus tuismitheoirí. Déantar forbairt iomlán ar an bpáiste trí churaclam leathan cuimsitheach. Feidhmíonn an ghaelscoil faoi ghnáthrialacha agus treoracha na Ranna Oideachais i dTuaisceart agus i nDeisceart na tíre.

Tá an scoile seo-againne ag fás is ag forbairt de réir a chéile maraon le Gaeilge na bpáistí. Táimid fíor-bhuíoch dóibh siúd a thacaíonn leis is a chuireann chun cinn an meon dearfach a chothaíonn an t-atmasféar fáilteach, sonasach don fhoghlaim.

 

Múinteoirí Scoile 2016-2017

Rita Ní Thuathail Emma Nic Fheorais
Louise Ní Bhrannagáin Niall Ó Domhnaill
Tríona Ní Chonghaile Marian Ní Áinle
Tuala Ní Ógáin Breandán Ó hAilpín
Eoin Ó Súilleabháin Niamh Ní Lafáin
Darragh Ó Conaill Aoife Ní Dhomhnaill
Petra Vedres Sami de Lása
Kerry Ní Mhurchú  Christina Ní Ghealbháin
Fíona Nic Conmara  Cormac Ó Buachalla & Úna Lawlor