An Chéad Chomaoineach

Comhghairdeachas dóibh siúd a ghlac an Chéad Chomaoineach i mbliana. Bhí aifreann álainn againn i Séipéal Chilian Naofa leis an Athair Ó Giolláin agus ceol binn ó pháistí Rang 2 – 5. Ansin tháinig gach duine ar ais chun na scoile le haghaidh féasta a bhí eagraithe ag Coiste na dTuismitheoirí. Gabhaimid buíochas leo siúd a chabhraigh linn an sacraimint seo a cheiliúradh.