Caitheann na páistí na héadaí bríste nó éadaí pilirín gach lá seachas ar laethanta coirp oideachais. Cuirfear an lá seo in iúl dod’ pháiste ag tús na bliana.
| Éadaí Bríste: (N. Mhóra – R.4) | Eadaí Pilirín: (N. Mhóra – R.4) |
| Bríste liath | Pilirín plaid |
| Bríste gearr liath sa samhradh | Blús bán (bóna “revere”) |
| Léine bán | Cairdeagan dúghorm (le suaitheantas) |
| Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) | Riteoga dúghorm (stocaí rúitíní bána) |
| Carbhat stríocach | Bróga praicticiúla |
| Bróga praicticiúla | |
| Eadaí Sciorta: (Rang 5 & 6) | Éadaí Reatha: |
| Sciorta plaid | Éadaí reatha dúghorma (le suaitheantas) |
| Blús bán (bóna “revere”) | Bríste gearr dúghorm sa Samhradh |
| Geansaí v-mhuiníl dúghorm (le suaitheantas) | Bróga reatha |
| Riteoga dúghorma (stocaí rúitíní bána) | |
| Bróga praicticiúla | |
I dtaobh cothromaíochta de, is féidir leis na cailíní ceachtar den dá rogha a chaitheamh ach ní ghlacfar le meascán éadaí.
Caitheann na Naíonáin Bheaga na héadaí reatha gach lá – ní gá dóibh na héadaí bríste/pilirín a bheith acu.
Tá cead ag daltaí fáinne cluaise (stud) amháin a chaitheamh i ngach cluas. Níl cead aon seodra eile, seachas uaireadóir, a chaitheamh sa scoil ar bhonn slándála.