Lá Spraoi Teaghlaigh

Bhí lá iontach taitneamhach againn uilig ar an Satharn 8 Meitheamh ag an Lá Spraoi Teaghlaigh. D’éirigh linn suas €4,500 a thiomsú ar son na scoile leis an lá spraoi agus leis an scipeáil urraithe. Ba mhaith linn  buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thug cúnamh ar an lá leis an bpéinteáil aghaidhe, leis na balúin lúbtha, leis an díolacháin cácaí, leis an rásaíocht agus leis an gcaifé! Gabhaimid míle buíochas leis a bhFo-choiste tiomsaithe as ucht an méid oibre a rinne siad chun lá iontach a eagrú.