Fáilte go dtí ár ngréasán nua

GréasánTá fáilte romhat chuig gréasán nua Ghaelscoil na gCloch Liath!

Tá súil againn go n-aimsíonn tú gach rud atá á lorg agat agus go dtiocfaidh tú ar ais go rialta chun súil a choiméad ar gach rud atá ar siúl againn ar scoil.

Más rud é go bhfuil aon cheist nó deacracht ar bith agat leis an ngréasán, seol ríomhphost chugam.

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/failte-go-dti-ar-ngreasan-nua/

Foirgneamh Nua

Táimid ag tnúth go mór lenár halla nua agus an nasc idir na foirgnimh. Beidh an tógáil ar siúl idir seo agus tús na scoilbhliana seo chugainn. Faid is a bhfuil an tógáil seo ar siúl, iarraimid ar chuairteaoir bheith an-chúramach agus iad ar shuíomh na scoile.

Tá an doras tosaigh sealadach i gclós na scoile. Iarraimid oraibh an doras seo a úsáid seachas an doras éalaithe.

Seo thíos plean tógála na scoile:

GSCL WEB1 GSCL WEB3 GSCL WEB4 GSCL WEB7

 

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/foirgneamh-nua/

Seachtain Folláine

Tá Seachtain Folláine ar siúl i nGaelscoil na gCloch Liath an tseachtain seo. I measc na nithe atá ar siúl ná plandáil, sos torthaí agus glasraí, spórt idir-ranga agus iarraimid ar thuismitheoirí siúl ar scoil, más féidir leo.

 

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/seachtain-follaine/

Nuachtlitir: Márta 2013

Download (PDF, 459KB)

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/nuachtlitir-marta-2013/

Seachtain na Gaeilge

Tá súil againn gur bhain páistí Ghaelscoil na gCloch Liath taitneamh agus tairbhe as imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. I measc imeachtaí na seachtaine bhí:

  • Lá Glas
  • Blaiseadh torthaí agus glasraí
  • Tráth na gCeist le páistí ó Ghaelscoil Thaobh na Coille
  • Tráth na gCeist le páistí ó Ghaelscoil Phádraig
  • Cuairt ón údar Anna Heussaff
  • Cuairt ó Niamh Lawlor, scéalaí le Púca Puppets
  • Céilí le Foghlaimís le Chéile na gCloch Liath
  • Céilí le páistí ó Scoil Chualann
  • Comórtas X-Factor
  • Ceolchoirm agus Céilí le tuismitheoirí na scoile

Ghabhaimid buíochas ó chroí le gach duine a chabhraigh linn seachtain den scoth a chuir ar fáil do pháistí na scoile. Seo thíos roinnt grianghrafanna.

 

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/seachtain-na-gaeilge/

Fáilte Ar Ais

Seomra 1 – Múinteoir Louise

Tá an chéad choicís thart agus tá gach duine socruithe ar ais ar scoil arís. Tá na Naíonáin Bheaga socruithe isteach chomh maith. Tá sé soiléar gach maidin an fás atá tar éis teacht ar ár scoil agus muid ag glacadh leis an dara sraith. Tá fás ollmhór tar éis teacht ar an scoil ón gcéad lá i 2008 le 24 páiste. Tá 190 páiste cláraithe linn inniu agus tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh na clanna nua atá tar éis tosnú i mbliana.

Seomra 2 – Múinteoir Eoin

Tá na páistí ó Naíonáin Bheaga go Rang a Cúig réidh don scoilbhliain atá romhainn mar atá na múinteoirí nua – Múinteoir Eoin, Múinteoir Darragh agus Múinteoir Fíona. Ba mhaith linn fáilte a chur rompu agus guímid gach rath ar a gcuid múinteoireachta sa scoil. Beidh beirt mhúinteoir eile ag obair linn agus iad roinnt le scoileanna eile. Fáiltímid roimh Múinteoir Kerry agus Múinteoir Fiona N.

Seomra 3 – Múinteoir Tríona

Tá sé ar intinn againn uasdátú a dhéanamh ar an ngréasán scoile le linn na seachtaine agus na míosa atá romhainn ionas go mbeimid in ann sidh a choiméad ar an eolas maidir le cúrsaí scoile agus chun smaointe nó moltaí a thabhairt faoi conas is féidir libh tacú le hoideachas do pháiste agus leis an scoil.

Fáilte romhaibh uilig!

Permanent link to this article: http://www.gscl.ie/ga/failte-ar-ais/