Oscailt Oifigiúil

oscailtOsclaíodh Gaelscoil na gCloch Liatha go hoifigiúl ar an Aoine 18ú Meitheamh. ‘Sé Éamonn de Buitléar, ceoltóir agus craoltóir, a rinne an oscailt i bpáirt le Denis de Búrca, 8 mbliana d’aois, an dalta is sine sa scoil. Cé go bhfuil doirse an fhoirgnimh nua iontach seo oscailte do dhaltaí le dhá bhliain is an-chúis mhórtais é do choiste bunaithe na scoile go bhfuil an chéim thábhachtach seo sroichte acu.

Léirigh na páistí a gcumas amhránaíochta agus filíochta os comhar na tuismitheoirí, cairde agus na haíonna éagsúla a tháinig chun an ócáid seo a cheiliúradh linn. Labhair cathaoirleach ón bhForas Pátrúnachta, ón mBord Bainistíochta, ó Choiste na dTuismitheoirí agus Múitneoir Eoghan faoin éacht a rinne an bhunchoiste is an scoil á bhunú acu ach go háirithe chun foirgneamh den scoth a fháil. Luaigh siad chomh maith an méad a dhéanann na tuismitheoirí agus ghabh siad buíochas le foireann na scoile a oibríonn go dian dícheallach gach aon lá.

Labhair Éamonn de Buitléar linn faoin saol agus é ina pháiste a tógadh trí Ghaeilge agus sheinn sé píosaí ceoil dúinn ar an armónach. Ansin thóg sé an áit cuí chun an ribín a ghearradh le Denis de Búrca.

oscailt

Agus an ribín gearrtha, shiúil na páistí isteach sa scoil agus lean na haíonna uilig iad. Bhí sóláistí curtha ar fáil ag Coiste na dTuisnitheoirí dúinn go léir.

Ba lá na gcéadta bliain a bhí ann agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo siúd go léir a chabhraigh chun lá den scoth a chur ar eagrú.

Nuachtlitir
Nuachtlitir - Meitheamh 2010

new principal Fáilte Ar Ais!

Táimid an-sásta fáilte a chur roimh na páistí tar éir briseach an tsamhraidh. Ba mhaith linn fáilte mhór a chur roimh na páistí nua agus a dtuismitheoirí. Cuirimid fáilte roimh Múinteoir Tríona freisin.

Táimid anois sa tríú bhliain le ranganna suas go Rang a 3 againn. Tá an scoil tar éis fás, agus is fás mór atá i gceist. Tá 86 páiste cláraithe sa scoil anois.

I rith na míonna seo chugainn, cuirfear breis eolais ar an suíomh seo maidir leis na gníomhaíochtaí agus imeachtaí na scoile. Iarraimid oraibh teacht ar ais go minic chun eolas a fháíl faoin scoil.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ar an bhfón nó trí ríomhphost má tá aon cheist agat maidir leis an scoil, clárúcháin nó an láithreán seo.

Naíonáin Bheaga - Múinteoir Eoghan

nbheaga

Naíonáin Mhóra - Múinteoir Daithí

nbheaga

Rang a hAon agus Rang a Dó - Múinteoir Rita

R1R2

Valid XHTML 1.0 Transitional Valid CSS!