Cad is Gaelscoil na gCloch Liath ann?

Is bunscoil lán-ghaelach idirchreidmheach í Gaelscoil na gCloch Liath a bhunaíodh i 2008 ag grúpa tuismitheoirí (bunchoiste) faoin bhForas Pártúnachta na Scoileanna Lán-Ghaelacha. Thosaigh an bunchoiste ag obair i 2007 chun airgead a chistiú don scoil agus chun suim a chur i mbéal an phobal sa Ghaelscolaíocht sna Clocha Liatha.

I rith an tsamhraidh i 2008, tosaigh na clocha ag bogadh nuair a fostaíodh Múinteoir Eoghan mar Phríomhoide teagaisc agus Múinteoir Rita mar mhúinteoir ranga. Ag an am céanna ar shuíomh na scoile bhí na tógáilithe ag obair go dian ar an bhfoirgneamh chun gach rud a chur i gcrích roimh an gcéad lá de Mheán Fómhair. Bronnadh na heochracha orainn ar an 29ú Lúnasa 2008 agus d'oibrigh na tuismitheoirí go díograsach chun gach rud a eagrú inár ionad sealadach i bhfoirgneamh Educate Together. Fuaireamar eochracha ár bhfoirgnimh féin ar an 10ú Deireadh Fómhair 2008.

Ba léir an dea-oibre a bhí déanta ag an mbunchoiste nuair a d'oscail doirse na scoile chun glacadh leis na céad 24 páistí idir Naíonáin Bheaga (17(, Naíonáin Mhóra (2) agus Rang a hAon (5). Bunaíodh Bord Bainistíochta na scoile i Mí na Samhna agus go luath ina dhiaidh sin tháinig Coiste na dTuismitheoirí. D'oibrigh siad agus tá siad fós ag obair chun cinntiú go bhfuil oideachas lán-ghaelach den scoth á sholáthar do pháiste na Gaelscoile agus go bhfuil na hacmhainní cuí againn chun gur féidr linn é a chur ar fáíl

Dhúblaigh líon na bpáistí i Meán Fómhair 2009 nuair a ghlacamr le 26 Naíonáin Bheaga nua. Ar an 30ú Meán Fómhair bhí 52 pásite sa scoil againn le ranganna chomh hard le Rang a Dó. Maraon le páistí nua a bheith sa scoil, bhí múinteoir nua faighte againn - Múinteoir Daithí. Táinig Múinteoir Louise mar mhúinteoir tacaíocht foghlama páirt-aimseartha. Táimid ag tnúth leis go mbeidh 87 páiste againn i Meán Fómhair 2010 agus le sin go bhfaighfimid Múinteoir ranga sa bhreis agus go mbeidh múinteoir tacaíocht foghlama lán-aimseartha againn.

Is scoil sinn ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge i dtimpeallacht spreagúil thaitneamhach. Bainimid úsáid as an tumoideachas chun cumas Gaeilge an pháiste a fheabhsú chomh luath agus is féidr. Séard is brí le sin ná nach múintear aon Bhéarla go dtí and dara téarma i Naíonáin Mhóra. Bíonn an Ghaeilge mar theanga phobail na scoile idir páistí, múinteoirí, bainistíocht agus tuismitheoirí. Déantar forbairt iomlán ar an bpáiste trí churaclam leathan cuimsitheach. Feidhmíonn an ghaelscoil faoi ghnáthrialacha agus treoracha na Ranna Oideachais i dTuaisceart agus i nDeisceart na tíre.

Tá an scoile seo-againne ag fás is ag forbairt de réir a chéile maraon le Gaeilge na bpáistí. Táimid fíor-bhuíoch dóibh siúd a thacaíonn leis is a chuireann chun cinn an meon dearfach a chothaíonn an t-atmasféar fáilteach, sonasach don fhoghlaim.

Cén fáth a gcuirfinn mo leanbh ar ghaelscoil?

Foghlaimeoidh do pháistí an Ghaeilge trí cheol, spraoi, geáitsíocht agus rannta. Bainfidh siad taitneamh as an teanga a fhoghlaim agus beidh siad bródúil as a bheith in ann í a labhairt.

Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachta agus feasachta an duine.

Bíonn féinmhuinín níos airde ag páistí atá in ann dhá theanga a labhairt go héasca.

Bíonn cur amach ag páistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ar a bhféiniúlacht chultúir féin mar Éireannaigh agus mar Eorpaigh. Tá seans níos fearr go mbeidh tuiscint agus meas acu ar dhaoine ó chultúir eile a labhraíonn teangacha éagsúla.

Cabhraíonn an cumas sa dá theanga leis an bpáiste an tríú agus an ceathrú teanga a fhoghlaim nuair a bheidh siad níos sine.

Valid XHTML 1.0 Transitional Valid CSS!