Nuachtlitir

Nuachtlitir - Meitheamh 2011

Lá Spraoi Teaghalaigh 2011

Bhí lá spraoi teaghlaigh ar siúl sa scoil Dé Sathairn 11 Meitheamh ó 2.00 go 4.00. Bhí lá iontach againn. Arís i mbliana, tháinig an ghrian amach chun cuidiú ar an lá. Bhí craic agus ceol anseo agus is léir gur bhain gach duine sult as an lá. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo siúd a d'eagraigh an lá, leo siúd a thug cúnamh ar an lá agus gach duine a tháinig chun tacú leis an scoil. D'éirigh linn €4500 a bhailiú don scoil ón lá agus ón scipeáil urraithe a rinne na páistí. Míle buíochas daoibh go léír!

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Bealtaine 2011

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Eanáir 2011

Nuachtlitir
Nuachtlitir - Meitheamh 2010

Oíche Rásaíochta

D'eagraigh Coiste na dTuismitheoirí Oíche Rásaíochta chun cistiúcháin a chéanamh don scoil. Bhí sé ar siúl Mí na Samhna 2010 agus d'éirigh go hiontach leis an oíche. Bhailíomar €5211 ar son na scoila agus bhí an-chraic againn á dhéanamh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháíl leo siúd a rinne urraíocht ar chapall nó ar rás. Tá moladh faoi leith ag dul don Choiste agus do na tuismitheoirí a d'eagraigh an oíche.

Míle buíochas daoibh go léír!

Oscailt Oifigiúil

oscailtOsclaíodh Gaelscoil na gCloch Liatha go hoifigiúl ar an Aoine 18ú Meitheamh. ‘Sé Éamonn de Buitléar, ceoltóir agus craoltóir, a rinne an oscailt i bpáirt le Denis de Búrca, 8 mbliana d’aois, an dalta is sine sa scoil. Cé go bhfuil doirse an fhoirgnimh nua iontach seo oscailte do dhaltaí le dhá bhliain is an-chúis mhórtais é do choiste bunaithe na scoile go bhfuil an chéim thábhachtach seo sroichte acu.

Léirigh na páistí a gcumas amhránaíochta agus filíochta os comhar na tuismitheoirí, cairde agus na haíonna éagsúla a tháinig chun an ócáid seo a cheiliúradh linn. Labhair cathaoirleach ón bhForas Pátrúnachta, ón mBord Bainistíochta, ó Choiste na dTuismitheoirí agus Múitneoir Eoghan faoin éacht a rinne an bhunchoiste is an scoil á bhunú acu ach go háirithe chun foirgneamh den scoth a fháil. Luaigh siad chomh maith an méad a dhéanann na tuismitheoirí agus ghabh siad buíochas le foireann na scoile a oibríonn go dian dícheallach gach aon lá.

Labhair Éamonn de Buitléar linn faoin saol agus é ina pháiste a tógadh trí Ghaeilge agus sheinn sé píosaí ceoil dúinn ar an armónach. Ansin thóg sé an áit cuí chun an ribín a ghearradh le Denis de Búrca.

Agus an ribín gearrtha, shiúil na páistí isteach sa scoil agus lean na haíonna uilig iad. Bhí sóláistí curtha ar fáil ag Coiste na dTuisnitheoirí dúinn go léir.

Ba lá na gcéadta bliain a bhí ann agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo siúd go léir a chabhraigh chun lá den scoth a chur ar eagrú.

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Bealtaine 2010

Oíche PócairPocar

D'eagraigh Coiste na dTuismitheoirí Oíche Pócair mar eachtra cistiúcháin don scoil. Bhí an oíche seo ar siúl in Óstán an Glenview Dé hAoine 14ú Bealtaine.

D'éirigh linn beagnach €3,000 a thiomsú ar son na scoile. Usáidfear an t-airgead seo chun acmhainní ranga a cheannach do na páistí.

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí, foireanna Óstáin an Glenview agus foireann Irish Poker Nights as ucht a gcuid oibre chun oíche den scoth a chur ar siúl.

Turas go Feirm Chill Muilinn

Feirm

Tugadh cuireadh do na páistí cuairt a thabhairt ar Fheirm Chill Muilinn roimh na Cásca. Bhí lá iontach acu agus d'fhoghlaim siad an oiread sin faoin bhfeirm. D'iarr mé orthu cad é an rud is mó a thaitin leo agus bhí deacracht acu rud faoi leith a roghnú idir Tipp ag bailiú na gcaoirigh, bia a thabhairt do na huain, caora á bhearadh, bia a thabhairt don ghearrchapall, na cearc leis na huibheacha, an fear bréige agus an dráma puipéid. Bhaineamar uilig, tuismitheoirí, múinteoirú agus páistí an-sult as an lá.

ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Mairéad agus Eamon as ucht an fáilte a chur siad romhainn agus as a gcuid oibre uilig chun sár-thuras a chur ar fáil do na páistí. Chun griangrafanna a fheiscint, cliceáil ar an nasc ag bun an leathanaigh.

Nuachtlitir

Nuachtlitir - Márta 2010

Seachtain na GaeilgeSnaG

Dia duit! Conas atá tú? Cúpla focal?

Tá na páístí agus na tuismitheoirí ag baint an-taithneamh as an heachtraí uilig a eagraíodh le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Tá atmaisféar iontach timpeall na scoile agus na gníomhaíochtaí ar siúl. Fiú agus iad ag caint faoi na heachtraí éagsúla, tá leibhéál Gaeilge den scoth le coisteál ó na páistí. Rinnne na tuismitheoirí sár-iarracht chomh maith an Ghaeilge a úsáid ionas go bhféadfaidís ticéad a bhailliú chun an teastas a bhuachaint. Déarfainn go raibh múinteoirí beaga ag obair go dian sa bhaile!

Seo liosta na heachtraí éagsúla a bhí ar siúl:

Tóraíocht Focal,
Ceoltóirí ó Choláiste Raithín,
Bhí Eamonn de Buitléir ag caint faoi dúlra mór timpeall is é ag taispeáint sleamhnán,
Chuaigh N.Mhóra, R1 agus R2 go Scoil Chualann i mBré. Bhí siad ag rince agus ag canadh le chéíle,
Tháinig Roisín isteach chun an Mealbhacán Uisce Ollmhór a léámh do Naíonáin Bheaga,
Céílí agus Ceolchoirm,
Tráth na gCeist do N. Mhóra, R1 agus R2. Tá alán ar eolas ag na páístí seo!
Lá Glas. Rinne na páistí "smoothies" glas le cabhair ó roinnt tuismitheoirí cabhracha.

Cliceáil anseo chun griangrafanna a fheiscint.

Nuachtlitir - Feabhra 2010

Oíche Rásaíochta 2009

horse race

Bhí oíche rásaíochta ar siúl ar son na scoile Dé hAoine, 20ú Samhain 2009 i gClub Rugbaí na gCloch Liath. Bhí an-oíche againn arís i mbliana agus bhain gach duine an-taithneamh as.

Bhailíomar €5500 a chaithfear ar riachtannaisí oideachasúla sa scoil.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd a rinne urraíochta ar chapall nó ar rás. Táimid an-bhuíoch leo siúd a thug duaiseanna don chrannchur.

Nuachtlitir - Nollaig 2009

Nuachtlitir - Deireadh Fómhair 2009

Nuachtlitir - Meitheamh 2009

Nuachtlitir - Bealtaine 2009

Lá Oscailte & Scipeáil Urraithe

Bhí Lá Oscailte ar siúl Dé Satharn 13ú Meitheamh ó 2.00 go 4.00. Tháinig an ghrian amach dúinn agus bhí tráthnóna breá againn. Bhí an scoil lán le daoine, spórt agus comóradh. Bhain na páistí an-taitneamh as na gníomhaíochtaí uilig a bhí ann dóibh - péintéireacht aghaidhe, ealaín & ceardaíocht, scipeáil, rásaíocht &rl.

Ní amháin na páistí a bhain taitneamh as an lá! Bhí deis ag na tuismitheoirí an scoil a fheiscint, cupán caife agus cabaireacht a bheith acu agus filleadh ar a laethanta scoile le rás "ubh is spúnóg"! Cuma leibhéal comórtasaíocht a bhí ann leis na páistí, thaispéán na tuismitheoirí go méadaíonn seo le haois!

Ba mhaithe linn buíochas a ghabháíl le Valerie agus na healaínteoirí ó "Greystones Cancer Support Art Group" a chur taispeántas ealaíne ar siúl thuas staighre, as iad ag baint taitneamh as an radharc iontach ata againn.

Bhaineamar an-taitneamh as an lé agus ba mhaith linn buíochas a ghabháíl leo siúd a tháinig chun an comóradh seo a dhéanamh linn. Tá súil againn gur bhain sibh taithneamh as an lá. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le Coiste na dTuismitheoirí a d'eagraigh an lá uilig - tá sibh thar barr!

Nuachtlitir - Aibreán 2009

Seachtain na Gaeilge

Cliceáil anseo chun griangrafanna a fheiscint. Seachtain na Gaeilge

Nuachtlitir - Márta 2009

Tús maith, leath na hoibre!

Tá sé do-chreidthe go bhfuilimid tagtha go dtí deireadh an chéad téarma sa scoil nua seo. Tá mórán bainte amach ónar smaoiníodh ar Ghaelscoil a oscailt sna Clocha Liatha.

Rinne an choiste bunaithe sár-oibre chun tús a chur leis an scoil seo agus tá alán buíochas toilte acu.

D’oscalaíomar an scoil ar 1d Meán Fómhair 2008 don chéad uair agus fáiltíomar roimh 24 páiste. Tá an-obair déanta ag na tuismitheoirí chun cinntiú go bhfuil scoil iontach ann do na páistí go léir agus táimid an-bhuíoch díobh. Tá ag éirí leo an Ghaeilge a chur ar a gcumas gan stró ar bith.


horse raceOíche Rásaíochta

Bhí Oíche Rásaíochta ar siúl Dé hAoine 14ú Samhain i gCLub Rugbaí na gCloch Liath. Ba mhaith linn buíochas a ghabháíl leo siúd a rinne urraíicht ar rás nó ar chapall. Tá súil againn gur bhain ne doaine a fhreastal ar an oíche an-sult as. Cabhróidh an méad a bhailíodh go mór leis an scoil.

Míle buíochas libh go léir

new principalÁr gCéad Lá

D’oscail Gaelscoil na gCloch Liath don chéad uair ar 1d Meán Fómhair 2008. Bhuail 24 páiste isteach chuig na ranganna – Naíonáin Bheaga, Naíonáin Mhóra agus Rang a hAon. Bhí tuismitheoirí, deartháireacha is deirfiúracha leo. Bhí an-áthas orainn na sean tuismitheoirí a fheiscint chomh maith.

Táimid an-bhródúil as an scoil iontach atá againn agus ba mhaith linn buíochas a ghabháil leo siúd a thug cúnamh dúinn chun ord agus eagair a chur uirthi. Tá na páistí an-sásta lena scoil nua agus tá an-iarracht á dhéanamh acu an Ghaeilge a úsáid.

Tá siad ag dul i dtáithí ar an lá scoile agus ar an obair. Tá an Múinteoir Rita agus an Múinteoir Eoghan (Príomhoide) ag obair do dian chun leibhéal Gaeilge na bpáistí a fheabhsú – agus tá ag éirí leo de réir dealramh. Tá an-Ghaeilge le cloisint ó na páistí i rith an lae.

Ba mhaith le foireann na scoile buíochas a gabháil leis na tuismitheoirí a roghnaigh Gaelscoil na gCloch Liath agus don choiste bunaithe a bhfuil an-obair déanta acu chun Gaelscoil den scoth a chur ar fail sna Clocha Liatha.

Valid XHTML 1.0 Transitional Valid CSS!